War of the League of Cambrai (en) | |
---|---|
Cineál | cath |
Dáta | 9 Meán Fómhair 1513 |
Comhordanáidí | 55°37′37″N 2°10′31″W / 55.62693°N 2.1753°W |
Áit | Northumberland, Branxton |
Tír | Ríocht Shasana |
Rannpháirtithe | Ríocht Shasana |
Troideadh Cath Flodden ar an 9 Meán Fómhair 1513 le linn Chogadh Léige Chambrai idir Ríocht Shasana agus Ríocht na hAlban, agus mar, thoradh air sin, bhí bua ag na Sasanaigh. Bhí blár an chatha i mBranxton i gcontae Northumberland i dtuaisceart Shasana, agus bhí an Rí Séamas IV i gceannas ar fhórsa ionraidh na nAlbanach agus Thomas Howard, 2ú Diúc Norfolk i gceannas ar arm Shasana.[1] Maidir le huimhreacha na dtrúpaí, ba é an cath ba mhó a troideadh idir an dá ríocht.[2] Maraíodh Séamas IV, sa chath, agus b'shin an monarc deireanach in Éireann agus an Bhreatain Mhór a fuair bás i gcath.